Neillidh Bhán

Unique Word Count: 171

Ó bhí mé lá gan amhras gabháil sráid a' Bhóithrín Bhuí 
Maidin aoibhinn shamhraidh dar liom bhí an drúcht ina luí. 
Cé tharlaigh domh ach spéirbhean ba deise barra dlaoi
Mo chreach, mo léan is m'angar is í an bhean í a bhreoigh mo chroí.

O, a Dhia gan mise i Muineachán is mé i mo cheannaí snáth' 
Mo mhuirnín deas in aice liom charbh fhada liom an lá.
Scairtfinn ar a' bhiotáilte is dhíolfadh Neillidh an cháin
Is go snámhfainn ar an fharraige le mo mhaighre bharrúil mná.

A stór, ná bíodh ort buaireamh brón ná briseadh croí, 
Ná ní ar bith den tsórt sin ach aer is spórt an tsaoil.
Nó dá mbeodh agam an domhan mór is a bhfuil i gcófraí glais an rí 
Go dtabharfainn é mar fhéirín is tú éalú liom mar mhnaoi.

A Neillidh bhán, a théagar, ‘s a Neillidh Bhán a stór,
Dá dtiocfá thusa liomsa go Coillidh dheis na gcnó, 
Bhéarfainn aer a’ bhaile mhóir duit a thógfadh suas do chroí, 
‘Gus marcaíocht i gcóistí dhul bóithre Bhaile Bhuí.

Bainfidh mé slat chaorthainn a mbeidh casadh ar a barr 
Agus ceanglóidh mé mo Mhalaí bhán go dlúth ina lár;
Chan fheil snaidhm dá gcuirfidh mise ann a scaoilfear as go brách
‘S a chomrádaí na míne, cuirim leatsa míle slán.

Luífidh mé insa choirnéal is beidh mé breoite tinn
A' fiafraí de mo mhuirnín an gcíorfadh sí mo cheann.
Tá na céadta fear i ngrá léi is go brách nach dtig chun cinn
Is má thug mé grá do Neillidh Bhán níl náire ar bith liom ann.