Unique Word Count: 170
Nuair a bhí mise óg, ó ba deas is ba dóighiúil, A’ scafaire stócaigh me I súil’ na mban óg, Bhínn á mealladh ‘s a bpógadh is shiúlfainn an ród leo, Bhínn carthanach coir leo gan mhairg gan bhrón, Bhíodh rosca gach bruinníl a’ lasadh le loinnir ‘S gach dealramh níos glinne le lúcháire romham ‘S mo ghuthsa gur bhinne leo ‘chluinstin sa chruinniú Ná ‘n píobaire a’ seinm ó mhaidin go neoin. Curfá: Och, ioch ar a’ lá sin murba é bhain a’ bláth domh ‘S é d’fhág mé mar tá mé ‘ mo chréatúr gan dóigh, ‘S é chloígh mé ‘ s é a chráigh mé gur chaolaigh mo chnámha ‘S d’fhág meath ar mo shláinte nach leigheastar go deo. ‘S iomaí bean álainn ó Chorcaigh go Malainn A chaith seal ar láimh liom, mo chreach is mo lean, ‘S mé ‘g imeacht gan ábhar arís is a bhfágáil Go cloíte lag cráite faoi leatrom leo féin. Tháinig mallacht gach duine acu ‘ bhfíormhullaigh ‘n chinn orm, D’imigh mo bhláth is níor fhan rib ear mo mhaol, Ach mo sheanbhlagad feannta le síon is le haimsir, ‘Mo chréatúr a’ drandán fá bhuaireamh an tsaoil. Curfá Ach anois iarraim pardún go léir ar na staidmhná ‘Bhí cineálta cairdeach liom lá breá den tsaol, Ná táthar a’ rá liom gur damnaithe ‘tá mé ‘S nach dual domh go brách fáil go Flaitheas na Naomh. Ach go n-aidimse ‘ Dhia go mb’fhearr liom go síoraí, Bheith ‘n Ifreann na bPian i measc chairde mo chléibh, Ná bheith ‘bhFlaithis in airde ‘measc túitíní cráifeach’, Nach dtuigfeadh a’ cás a d’fhág mise faoi léan. Curfá