Nuala Na gCuacha Buí

Unique Word Count: 157

Bhí gleann beag deas i bhfolach i measc chuid sléibhte Dhún na nGall, 
Is cailin óg ina cónaí ann is a clú gan smúit gan smál.
Ba é Micheál mór ó Ghleann na Sméar a sciob ar shiúl a croí
Is é a bhaist le bród ar a’ chailín óg Nuala na gCuacha Buí.

Ba mhodhúil, fiúntach, macánta a shiúladh sí an ród, 
Bhí a coiscéim éadrom aigeanta mar choiscéim oisín óig, 
Bhí a súile glinn, is a béilín binn, chomh binn le ceolta sí, 
Bhi meas is grá ag sean is óg ar Nuala na gCuacha Buí.

Leag bodach ar an bhaile mhór a shúil ar Nuala bhán, 
Bhí aige ór is saibhreas mór is stórtha líonta Ián, 
D'iarr sé ar a hathair í is fuair sé í mar mhnaoi,
Ach dheamhan 'e gheall ná taobh ná toil ó Nuala na gCuacha Buí.

Ar maidin lá na bainise rinne an bodach féasta mór, 
Is d'imigh leis chun ' tSéipéil Úir le cuideachta go leor,
Bhí an sagart ann is d'fhiafraigh sé den bhodach "Cá bhfuil do mhnaoi?" 
Ach abhus nó thall ní raibh le fáil Nuala na gCuacha Buí.

Cois abhainn álainn Ghleann na Sméar le blátha an tsamhraidh Ián,
Is ag barr an ghleann’ faoi scáth na gcrann tá cró beag seascair bán,
Ní labhraítear ann ach Gaeilge bhinn a chuirfeadh aoibhneas ar do chroí, 
Cé a chónaíonn ann ach Micheál mór agus Nuala na gCuacha Buí?

Tá bodach bródúil ramhar ar an bhaile mhór úd thall,
 Is é ina luí le hólachán, ar meisce moch is mall,
Ní labhraíonn sé ach Béarla bréan is é ag bagairt dlí
Ar Mhicheál mór a sciob ar shiúl, Nuala na gCuacha Buí?