Unique Word Count: 141
Ó éirigí suas a thogha na bhfear Is cuirigí píce ar bharr gach cléith, Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí Agus cuirigí dlí na Fraince ar bun. Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort? Ó bhean an tí, fá dhó nó trí, Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort? Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht Tá arm go leor ag an Duke of York, Tá an Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá Agus b'fhearr liom go mór é ná cómhrá ban. Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear, Sé dúirt bean a' tí fríd chomhrá mhín Gan airgead síos bheith ar shiúl amach. Ó tharraing mé aníos mo phíosa breac Mar is mairg a bhíos gan é, mo chreach Do labhair sí arís go carthanach caoin Nach súifidh tú síos tá an siamsa ar fad ort Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag In aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc, Nach ndeachaigh mé ar bord nó in arm an Rí Sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort. Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo Má thigim arís ag cur buartha ort Is a mhéad bean óg as seo go hAbhainn Mhór A shiúlfadh an ród is a d'ólfadh deoch.