Tune Type: Song
Alternative Titles*: Forget Your Troubles / Déan Dearmad ar do Thrioblóidí / Ócam A’ Phríosúin / Ócum A’ Phríosúin / Oakum’s
Unique Word Count: 155
Molaim sú ‘n ghráin eorna go deo deo 's choiche Sé’n trua nach mbeadh tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh Seán Ford a bheith ina ghiúistis, a chomhairleodh na daoine Mar is é a chuir mise ag foghlaim le hócam a spíonadh Cúrfá: Is a rumsa deidhdil óram 'sé ócam an phríosúin Go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh Ó osclaíodh doms’ a’ stór a raibh ócam thar maoil ánn Is thug mé lán mo ghabháil liom, mo dhóthain go ceann míosa, Is nach mise a bhain gáire as na gardaí ‘bhí i mo thimpeall Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air a d’fhás an fianach Cúrfá Ó dhera Mac Uí Dhómhnaill ‘na chodladh go suímreach, Nár ionsaigh na luchain a ‘chuid ócaim san oíche. Ar maidin árna mhárach, bhí an ceannfort á inseacht “Bydad”, a deir an gobharnóir, ''tá an diabhail ar fad déanta a’at.'' Cúrfá Is nach mise a bhíonn go tuirseach ag tochas is ag scríobadh, Is mé ag obair don eochróir a bhfuil eochair aige is míle, Ó agus d’osclódh sé doirse agus glasannaí na hÉireann, Is chuirfeadh chan na tincéirí is na stiléirí i ngéibheann. Cúrfá Ó bímse ‘nois go brónach gach Domhnach is lá saoire, Amuigh anseo sa ngairdín, i bhfáinne is mé ‘dul timpeall Is go sileann mo chuid deora i gcónaí nuair a smaoiním Gur olc an obair dhomsa bheith i gcónaí ar an gcaoi seo Cúrfá
-Tom Neaine Choilm Ó Lochlainn
*Taken with thanks from www.irishtune.info