Unique Word Count: 72
Ólaim puins is ólaim tae 'S an lá 'na dhiaidh sin ólaim toddy; Ní bhím ar meisc' ach uair sa ré — Mo ghrása 'n déirc is an té do cheap í. Lá má bhím le híota tréith Bím lá 'na dhiaidh ag glaoch na gcannaí; Lá le fíon 's arís gan braon, Mo ghrása 'n déirc is an té do cheap í. Ar mo thíocht 'na luí ar thréad — An bhuí sa bhféith 's na héimhe ag leanaí, Báisteach fhill is rinn ar ghaoth — Ó táim le déirc ní baol do m' gharraí. Is sámh do bhím i m' luí le gréin Gan suim sa saoi ach scléip is staraíocht, Gan cháin gan chíos ach m'intinn saor — Nach fearr í an déirc ná ceird is ealaí.
-An tAthair Liam Inglis, O.S.A.