Unique Word Count: 171
One day for recreation, Is gan éinne beo im' chuideachta, I spied a charming fair maid 'Na haonar is í i siopa istigh. She was singing like an angel, 'S mé ag éisteacht lena binneghuth, I whispered soft and aisy 'S é dúirt sí stad den radaireacht. Curfá: 'S anonn 's anall, a Mháirín Do mhálaí 's do bheilteanna 'S a bhean na stocaí mbána Ba bhreá liom bheith ag iomaidh leat 'S anonn 's anall, a Mháirín Do mhálaí 's do bheilteanna 'S a bhean na stocaí mbána Ba bhreá liom bheith ag iomaidh leat Her amber locks most nately Go dréimreach ag titim léi, Adown her back and waist 'S gur phreab mo chroí le taitneamh di. I axed was she the fair one An bandia úd bhí ag Iúpatar Or the brightsome vestal deity Chaith tréimhse seal in Ifreann. Curfá She answered mé most daintily Ní héinne mar do thuigis mé, I fear you are a réice 'S ná taobhaigh a thuille mé. Indeed I am no réice No straeire bhréagfadh bruinneall seal. I'm a pupil of Jack Lahey's Sí 'n áit a gcónaím Mucaros. Curfá I axed her who her father was Sé dúirt sí liom "an ministéir" I knew I stood in danger 'S gur bhaolach dom dá bhfeicfí sinn. If I had you in a nate grove Idir Claodach is Mucaros Your sparkling eyes do tase mé Trí lár mo chroí tá taitneamh duit. Curfá Her syllables so charming — 'S gur bhreá liom bheith 'na cuideachta, 'S gur bhinne liom ná 'n chláirseach Gach ardphort dá seinneadh sí. You'll get my stock and farm Má théann tú liom go Mucaros, And then she sang most charming : "A ghrá geal I'm fond of you."