Óró, ‘Bhuachaillín, Seol Do Bhó

Unique Word Count: 103

Curfá:
Óró, ‘bhuachaillín, seol do bhó, 
Seol agus seol agus seol go beo, 
Óró, ‘bhuachaillín, seol do bhó, 
Is fág ar an iomaire bán í.

Chaith mé mo mhaide le cúpla gabhar, 
Níor airigh an chailleach mé, bhí sí bodhar; 
Sciorr mo chos uaim is chuaigh i bpoll,
Is tá mo lorgaí feannta.  Agus ... 

Curfá

Dá bhfaighinnse cailín deas críonna glic,
I ngan fhios dá mamaí ‘s an oíche ‘bheith ‘sioc; 
Gan buíochas don chailleach, ó, bheinnse ‘stigh, 
‘Mo shuí cois na tine go sásta.  Agus ... 

Curfá

Is trua gan mise ‘gus stór mo chroí 
‘Bheith idir dhá bhairille lán le digh,
Gan éinne i m’aic’ ach mo pháistín fionn, 
Is dóigh ghéar go n-ólfainn a sláinte. Agus ... 

Curfá

Thall san eanach gur chuala mé ‘n gleo, 
Bhí cailín beag deas agus buachaillín óg; 
Bhí sé á bréagadh le briathra ceoil,
‘S a mamaí ag gol is í ag gáire!  Agus ... 

Curfá deiridh:
Óró, ‘bhuachaillín, seol do bhó, 
Seol agus seol agus seol go beo, 
Óró, ‘bhuachaillín, seol do bhó,
Is cuir ar an aonach* is fearr í.

*nó ‘gcnocán’ nó ‘iomaire’ nó ‘gcoimín’ nó ‘léana’