Unique Word Count: 43
Is óró, bog liom í, bog liom í, bog liom í, Óró, bog liom í, an cailín deas donn; Is óró, bog liom í, iompaigh is corraigh í, ‘S de réir mar a bhogfaidh sí tiocfaidh sí liom. Dá bhfaighinnse mo chailín i lúibín na scairte, Nó i ngan fhios dá Daidí i ngairdín na n-úll, Thabharfainnse cogar di ‘chuirfeadh a chodladh í, ‘S bheinnse á bogadh go dtiocfadh sí liom.
Lá aonaigh san earrach 's mé ag taisteal go triopallach, Trasna an droichid i Muileann na hAbhann, Sea chonaic mé Bobby arbh ainm dó Thingummy A's é ag druidim 'mo choinne go teann. Curfá: Agus óró bog liom í, bog liom í, bog liom í, Óró bog liom í, an trucailín donn Óró bog liom í, druid liom í, corraigh í, Oró bog liom í, an trucailín donn. Ba ghairid go bhfaca mé asal is trucail bheag, Chugainn ar a shodar faoi Mhícheál an gabha Siúd leis an Bobby "This cart has no signature Only a lingo I cannot make out." Curfá "Your name my good man, and answer right quickly now." "Amharc ar an trucail! An bhfuileann tú dall? Tá m'ainmse breactha i dteanga a thuigimse, Agus fógraím thusa go hIfreann lom!" Curfá "Ten shillings with costs or a fortnight's imprisonment. Next on the list. Take this reprobate down!" "Cuirtear faoi ghlasa mé feasta, a ghlagaire - Pingin de m' sheilbh ní fheicfidh sibh ann!" Curfá Níl trucail gan ainm breá lachanta 'legible' Gaeilge le feiceáil i Muileann na hAbhann, Agus ceardaithe an bhaile, sea ‘thugaid ar Thingummy Fós ná Trucailín Mhíchíl an Gabha. Curfá
-Niall Mac Giolla Bhrighde