Unique Word Count: 59
Crochfa' mé seolta 'gus gabhfa' mé siar,
Ó-ró! mo bháidín,
'S go hoíche Fhéil' Eoin ní thiocfa' mé 'niar,
Ó-ó-ró mo bháidín!
Curfá:
Ó-ró mo churraichín ó!
Ó-ró! mo bháidín
Ó-ó-ró! mo churraichín ó!
'S ó-ó-ró! mo bháidín!
'S nach breá í mo bháidín ag snámh ar an gcuan,
Ó-ró! mo bháidín,
'S na céaslaí á dtarraingt go láidir 's go buan,
Ó-ó-ró mo bháidín!
Curfá
'S nach éachtach a léimneach thar thonntracha ard'
Ó-ró! mo bháidín,
'S nach éadrom í 'iompar aníos thar an trá,
Ó-ó-ró mo bháidín!
Curfá
'S nach lúfar í 'g iomramh soir agus siar,
Ó-ró! mo bháidín,
A sárú ní bhfaighidh tú ó Árainn go Cliar,
Ó-ó-ró mo bháidín!
-Pádraig Mac Piarais