Unique Word Count: 71
’Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar. B’é ár gcreach tú bheith i ngéibheann, Do dhúiche bhreá i seilbh meirleach, Is tú díolta leis na Gallaibh. Curfá: Óró, ’sé do bheatha abhaile, Óró, ’sé do bheatha abhaile, Óró, ’sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, Óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin, is ní gaill na Spáinnigh Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. Curfá A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam – Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain – Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch, Ag fógairt fáin ar Ghallaibh. Curfá
-Pádraig Mac Piarais a chuir in oiriúint