Unique Word Count: 115
Grá le m'anam mo pháistín fionn, A croí is a haigne ag gair’ liom, A cíocha geala mar bhláth na n-úll , ’S a píob mar eala lá Márta. Cúrfá: Is tusa mo rún, mo rún, mo rún, ’S tusa mo rún ’s mo ghrá geal, ’S tusa mo rún ’s mo chumann go buan, ’S é mo chreach gan tú agam ód mháthair! Cara mo chroí mo pháistín fionn, A bhfuil a dhá grua ar lasadh mar bhláth na dtom; Tá mise saor ar mo pháistín fionn, Ach amháin gur ólas a sláinte! Cúrfá Dá mbeinnse sa mbaile ’na mbeadh súgradh ’s greann, Idir dhá bhairille bheadh Ián de leann, Mo shiúirín im’ aice is mo lámh faoina ceann, Is súgach a d'ólfainn a sláinte. Cúrfá Bhí mé naoi n-oíche i mo luí go bocht Ó bheith sínte faoin díleann idir dhá thor, A chumann mo chroí is mé ag smaoineamh ort, 'S nach bhfaighinnse le fead ná le glaoch thú. Cúrfá Tréigfead mo charaid ’s mo chairde gaoil ’S tréigfead a maireann de mhnáibh an tsaoil Ach ní thréigfead lem’ mharthain thú, a ghrá mo chroí Go síntear i gcónra faoi chlár mé. Cúrfá