Tune Type: Song
Lyrics:
A Pheigín na gcarad, a Pheigín mo chroí, Cé hé an fear fada úd sínte leat síos? Cúrfá: Ó a hó-a, ó aghaidh nó-a, ó aghaidh nó A stóirín mo chroí. Muise Pheadar na gcarad ‘s a Pheadair mo chroí, Sin é do leanbh nach bhfaca tú riamh. Cúrfá Shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar, Ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh! Cúrfá A Pheadar na gcarad ‘s a Pheadar mo chroí, Tá scór bliain caite ó d’fhág tú mo thí Cúrfá A Pheigín na gcarad ‘s a pheigín mo chroí, Éirigh i do sheasamh ‘gus réitigh greim bídh Cúrfá A Pheadar na gcarad ‘s a Pheadair mo chroí, Níl ins an teach ach greim mine buí. Cúrfá A Pheigín na gcarad ‘s a pheigín mo chroí, In íochtar mo mhála tá cáca mine buí. Cúrfá ‘S a Pheadar na gcarad ‘s a Pheadair mo chroí, Tá an cáca seo a’t lán de ghineachaí buí. Cúrfá A Pheigín ‘s a mhaicín, suímis síos, Ní fhágfad an baile chun’s mairfeas mé arís.