Unique Word Count: 139
Bhí mé oíche shaoire i dTiar-Ní is mé ag tíocht ó cheol, Chruinnigh an ceo i mo thimpeall 's níor léir dhom aon tsórt, Thiúrfainn Ián an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir! Ó! is mo bheannacht le gaoith 'ad síos, a Ainde Mhóir, Do mhac go dtige in inmhe is lao go raibh ag do bhó, Is tusa rinne an píopa ba fairsinge sa tír seo Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh go ndéana mé do spóirt! Siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná móin, Chuir sí naoi bpunt síos ann 'gus píosa den duilleoig, Cailleachaí na tire agus cruinnidís 'na timpeall Gheobhaidís ar fad fuílleach de phíopa Ainde Mhóir! ' Gabháil go hlnis Ní dhúinn le lucht caorach agus bó Maidin gharbh gheimhridh 's é gaofarach go leor, ' Gabháil trí Thonn Uí Fhloinn dhúinn thosaigh an bád ag líonadh Is b'ait an galún taosctha rinne píopa Ainde Mhóir! Bhí mé amuigh ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól, Bhí comhluadar deas ' mo thimpeall 's riar maith ceoil, Bhí beirt isteach as Muighinis, 'gus an stil Mhór acu líonta— Nuair a d'fhiafraigh an tseanbhean aosta ' Ab in é píopa Ainde Mhóir?'