Pócaí Folamh Is Cloigeann Tinn

Unique Word Count: 120

Is cuimhin liomsa laethanta maithe, 
Is me m'fhear óg i Ros a' Mhíl,
Nó gur fhága mise an baile
Go saothróinn airgead le filleadh arís.
Thug mé mo bháidín go barr cladaigh, 
Is chuir mé borradh fúithi 'chaon taobh,
Cheap mé féin nach mbeadh sí i bhfad ann, 
Ach ní fheicfidh mé arís í.

Curfá:
Maidin Domhnaigh i gClapham Common, 
Ó nár bhreá a bheith dallta arís,
Sínte siar anseo le balla,
Ar phócaí folamh agus cloigeann tinn. 
Tá mo bhaidín ar an talamh,
I mbarr an chladaigh i Ros a' Mhíl, 
Is mise sínte anseo le balla,
Ar phócaí folamh is cloigeann tinn.

Is minic a chuimhním ar an mbaile, 
Ar m'athair ata ag dul in aois,
Ar mo mhaithrín ata sách cráite 
Silim deoir is ólaim braon.
Cuirim mo mhallacht ar an aistir, 
Ó Chamden Town go Ros a' Mhíl,
Is dá mbeadh breith agam ar m'aiféal' 
Ní fhágfainn an baile go deo arís.

Curfá

Tá mo shaolsa beagnach caite, 
Curtha amú le deoch is bruíon, 
Oícheanta sínte ar bhinsí páirce, 
Oícheanta sínte siar sa draoib.
Ó nár bhreá a bheith thiar sa mbaile, 
I bhfad ó anachain Sheáin Bhuí.
Lá ar an bportach is lá sa gcladach, 
Mar tá na flaithis i Ros a' Mhíl.

Curfá

-Tomás Mac Con lomaire