Preab San Ól

Unique Word Count: 192

Is iomaí slí sin a bíos ag daoine ag cruinniú píosaí is ag deanamh stóir
Is a laghad a smaoiníos ar ghiorra an tsaoil seo is go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill. 
Más tiarna tíre, diúc nó rí thú ní chuirfear pingin leat is tú ag gabháil faoin fhód,
Mar sin is dá bhrí sin níl beart níos críonna ná bheith go síoraí ‘ cur preab san ól.

An ceannaí craosach níl meán na slí ar bith le hór a dhéanamh nach bhfeictear dó, 
An ráta is daoire ar an earra is saoire is ar luach na pingine go gcuirfeadh coróin, 
De réir chaint Chríosta is ní dodhéanta an camall cíocrach' thabhairt tríd an chró, 
Mar sin is dá bhrí sin níl beart níos críonna ná bheith go síoraí ‘ cur preab san ól.

Tá dream de dhaoine le ba is le caoirigh á gcur chun aonaigh ag fáil sochar mór, 
A gcur chun cíbe is as sin chun mínligh, pointí críonna go bhfeictear dóibh.
Tógaim fianaise ar an bhuíon seo go mbeid ag caoineadh is ag sileadh deor,
Mar sin is dá bhrí sin níl beart níos críonna ná bheith go síoraí ‘ cur preab san ól.

An long ar sáile níl clúid ná cearn ann nach gcaitheann cairde ‘ fud an domhain mhóir, 
I gcríoch na Spáinne ‘gus suas Giobráltrar 'gus ins an áit a mbíonn an ‘Grand Signor’. 
Is le gach cargó a Iíontar málaí, ní choinneodh an bás uait uair ná dhó,
Mar sin a chairde, níl beart níos fearr dúinn ná bheith mar tá sinn ‘ cur preab san ól.

Is olc an tslí bheith ag ardú cíosa, ag déanamh daoirse ‘gus tacsaí mór, 
Ag cur na ndaoine ó theach ‘s ó dhídean, ní, faraor, ata cinnte dóibh;
An té a níonns sin, is dó is baolaí, a bheith in íochtar á bhruith ‘s a dhó –
Mar sin ‘s dá bhrí sin, níl beart níos críonna ná bheith go síoraí ‘ cur preab san ól.

Is gearr an saol tá ag an lile sciamhach cé gur buí is gur geal a shnó, 
Solamh críonna ina chulaith ríoga nach bhfuil baol ar ináille dhó.
Níl sa saol seo ach mar soinneán gaoithe, ga a scaoiltear no slím den cheo,
Mar sin is dá bhrí sin níl beart níos críonna ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.