Unique Word Count: 78
Curfá: Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, steaimpí agus im air, Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, is déanfaimid an císte. Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na hAoine Ag iarraidh steaimpí nó cácaí milse, Nuair a tháinig sí abhaile ní bhlaisfeadh fear an tí é, Raithineach a bhean bheag, déanfaimid arís é. Curfá Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine: Bean acu á ghlanadh is bean eile acu á scríobadh, Bean eile acu á fháscadh os cionn corcáin ar a dícheall Is seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar an ngríosaigh. Curfá Nuair a ghluaiseann Máire, Siún agus Síle, Nóra agus Cáit is sásta a bhíd siad, An juga ar an gclár acu is a’ cháirt dá líonadh, Is mo cheol go brách sibh, a mhná cois Aoine. Curfá