Rann Na Feirste

Unique Word Count: 94

Ar theacht an tSamhraidh achan bhliain, tig cumha ar mo chroí, 
Ag smaointiú ar an Earagail 's ar an cheantar thart fán Ghaoth;
Na cuibhrinn bheaga ghlas' a's bhuí, ar thaobh na gcnoc 's na ngleann 
Agus ceo gormliath go fairsing ard i measc na sliabh 's na mbeann.

Curfá:
Haigh dí, haigh daigh,
Haigh dí, haigh dí, haigh daigh, haigh daigh, 
Haigh dí, haigh daigh,
Haigh dí, haigh dí, haigh daigh, haigh daigh,

Le cuidiú Dé, ó, chífidh mé arís an Rann 's an Ghaoth; 
An Rampar a's an Mullach Dubh a's Bealach Mine Buí;
An áit is fearr an dhroim an domhain fá choinne spóirt 's grinn 
An áit is áille sliabh a's gleann, is breátha fear a's bean.

Curfá

Ní fada uaim anois an uair a bheas mé ag pilleadh siar; 
Go dtí an áit is ansa liom ná áit ar bith sa tír;
Go gcluinfead ann ó aosta 's óg an Ghaeilg' bhlasta bhinn, 
A's an seanchaí na shuí sa chlúid ag trácht ar eachtraí Fhinn.

Curfá

-Seán Mac Dónaill