Unique Word Count: 75
D'aithníos féin gan bhréag ar fhuacht 'S ar anfa Théitís taobh le cuan, Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc, Go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim. Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim 'S dá maireann go dubhach de chrú na mbua Torann na dtonn le sleasa na long Ag tarraingt go teann ‘nár gceann ar cuairt. Tá lasadh sa ghréin gach lae go neoin, Ní taise don re, ní théann fé neoil : Tá barra na gcraobh ag déanamh sceoil, Nach fada bheidh Gaeil i ngéibheann bróin Measaimh gur subhach don Mhumhain an ceol, 'S dá maireann go dubhach de chrú na dtreon Torann na dtonn le sleasa na long Ag tarraingt go teann 'nár gceann fé sheol.
-Piaras Mac Gearailt