Rudolph, The Red-Nosed Reindeer

Rudolph The Red-Nosed Reindeer / Rudolf An Réinfhia Álainn 

Unique Word Count: 62

Rudolf an Réinfhia álainn
Snas geal ar dhearg-shrón.
Agus dá bhfeicfeá riamh é
Déarfá féin go raibh sé ’breá

Ach na réinfhia dána
’Magadh is ag gáire faoi,
Ní ligfidís do Rudolf
Bheith ag déanamh spóirt nó spraoi.

Ansin Oíche Nollag féin
Tháinig San Nioclás:
“Tar anseo, a Rudolf bhoicht,
Tarraing mo Shleamhnán anocht”

Léim gach Réinfhia eile,
Is chanadar go léir le grá
“Rudolf an Réinfhia álainn,
Ní dhéanfar dearmad ort go brách.”

Rudolph The Red-Nosed Reindeer / Rudolf Na Sróine Deirge 

Unique Word Count: 63

Translation: Treasa Ní Cheannabháin

Rudolph na sróine deirge, 
Bhí a shrón an-dearg go deo,
Is dá bhfeictea riamh é,
Déarfá go raibh sé ag lonrú;
Bhíodh na fianna eile ag fonóid,
Ag gáire is ag magadh faoi,
Ní thabharfaidís cead do Rudolph,
Beith ag spóirt ná ag déanamh spraoi

Oíche Nollag fadó riamh,
Labhair Santaí leo,
Rudolph le do shrón chomh glé,
An dtreoróidh tú an tréad go léir?
Ansin bhí na fianna i ngrá leis,
Bhéic siad is ghlaoigh siad os ard,
Rudolph na sróine deirge,
Beidh do cháil go deo sa stair.

Source: ‘Amhráin Na Nollaig’ by Róisín Elsafty & Ronan Browne 

Rudolf The Red-Nosed Reindeer / Rudolf An Fia Rua 

Unique Word Count: 68

Rudolf an fia rua, bhí loinnir ar a shrón chomh maith,
Agus dá bhfeicfeá riamh é, déarfá linn go raibh sé geal.
Bhíodh na fianna eile ag gáire agus ag magadh faoi.
Ní ligeadh siad riamh do Rudolf, páirt a ghlacadh i gcluichí.
Oíche Nollag cheomhar bhán, tháinig San Nioclás,
‘Rudolf ,le do shrón gheal ghlé,
An rachaidh tú os comhair mo shlé?’
Bhí grá ag na Fianna eile dó, is bhéic said amach os ard;
‘Rudolf, an fia rua, nach ortsa a bheas clú is cáil!’

Source: I found the lyrics of this song in the file An Nollaig.ppt , which I downloaded from An tÁisaonad in Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Belfast https://aisaonad.org