Unique Word Count: 104
Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla, Ach Baile Inis Gé ’s cead éalú ar choiníní. Cúrfá: Óra Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla, 'Chuisle ’s a stóirín, éalaigh ‘s imigh liom. Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh, Fear sluasid’ is láí ar dhá cheann an iomaire. Cúrfá Máistir báid mhóir mé a’ gabhail ród na Gaillimhe, D’fhliuchfainn naoi bhfód ’s ní thógfainn aon fharraige. Cúrfá Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad, Nuair a fhaigheann siad an chóir ’sé is dóichí nach bhfanann siad. Cúrfá Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh, Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla. Cúrfá Níl falach a cabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla, Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille. Cúrfá Nuair a théimse ‘un an chomhra ag comhaireamh an airgid, Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm. Cúrfá Nuair a thiocfas lá breá ’san ghaoth ón bhfarraige, Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe. Cúrfá deireanach: Óra Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla, 'Chuisle ’s a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!
Sadhbh Ní Mhuinghile
Unique Word Count: 113
Máistir báid mhóir mé ‘gabháil ród na Gaillimhe, D’fhliuchfainn trí fhód ‘s ní thógfainn aon fharraige, Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, ‘Chuisle ‘s a stóirín, éal’ agus imigh liom. Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfaidh mé, Nuair ‘thagann an chóir is iondúil nach bhfanann sé; Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, Mo chuid go deo deo thú, gluais agus imigh liom. Ní captaen, ní máta, ní mairnéalach loinge mé, Post níos fearr agam - tá mé ‘mo bhuitléir; Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, Gléas thú féin suas go dté tú go Gaillimh liom. Fear maith chun oibre mé ‘s damhsóir cumasach, Fear sluaiste is láí mé ag dhá cheann an iomaire; Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, Níl aon fhear faoi bhord ab fhearr ná mise ‘gat. Ní thógfainn go deo thú mur’ dté tú i dtrioblóid, Gunna mór ‘fháil ‘s cead éalú ar choiníní; Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, ‘Chuisle ‘s a stóirín, éal’ agus imigh liom. ‘S é ‘n-iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Mhuinghile, Bail’ Inis Gé ‘s cead rince ‘r na coiníní; Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, ‘Chuisle ‘s a stóirín, éal’ agus imigh liom. Nuair a thagann lá breá ‘s an ghaoth ón bhfarraige, Béarfaidh mé Sadhbh go Cé na Gaillimhe; Ó-ra, ‘Shadhbh,’s a Shadhbh Ní Mhuinghile, ‘Chuisle ‘s a stóirín, éal’ agus imigh liom.