Sagart Na Cúile Báine

Unique Word Count: 169

Thug mise an ruaig ó Thobar Mhic an Duáin, agus chugat anuas le fána,
ÓChontae na Mí go dti Loch Dearg na naomh, agus chugat anuas Cruach Phádraig. 
Ar shiúil mé go fóill níor chuala mé aon cheol ar orgán, fliúit nó cláirseach,
Mar a bhú ag an Ion i dteach pobail Mhaigh Eo ag sagart na cúile báine.

Má théann tú go deo go Contae Mhaigh Eo, cuir tuairisc ar fhear de Sheoigeach,
Agus gheobhaidh tú é ag teacht chugat sa ród mar a bheadh aingeal as ríocht na glóire. 
Téigh ar do ghlúine agus aithris do rún dó, gur peacach tú a ghluais i ngach ceard,
Is ar uair ar mbáis na flaithis go bhfaighfeá ó shagart na cúile báine.

Éirigí suas go dtéimid chun siúil go bhfaighimid siúd ón bPápa,
Is go bhfaighimid leas ar theach pobail Mhaigh Eo, do shagart na cúile báine.
 Éirigí suas go dtéimid chun siúil go bhfaighfim' sagart na cúile báine,
A d'imigh aréir is nach bhfillfidh go héag, mar tá sé i Loch Éirne báite.

Tá Contae Mhaigh Eo faoi leatrom go deo ó cailleadh an t-aonmhac Seoigeach,
Is go gcuirfeadh sé bród ar aon duine beo a d'fheicfeadh é san éadach Dé Domhnaigh. 
Chuirfeadh sé séala ort ag dul ins an chré duit, agus gheobhadh sé na grásta ó Chríost,
Óró, chuirfeadh sé ar an eolas an té nach mbeadh cóir is go múinfeadh sé an treoir dó díreach.

Níorbh ionadh liom féin dá lasfadh an t-aer is na réaltaí chomh dubh le hairní, 
An dealramh ón ngréin is an ghealach í féin ó cailleadh ceann seasta na háite. 
Paidir is cré an dá aspal déag in onóir do Rí na Glóire,
Gan sinn a chur i gcré nó go mínítear an scéal ar shagart na cúile báine.