Sail Óg Rua

Unique Word Count: 143

Nach mise an trua Mhuire
'Dul ar Charraigín an Fhásaigh
Ag gol 's ag gárthaíl
Agus ag déanamh bróin;
Ag oiliúint mo leanna
Ar bhacán mo láimhe
Is gan fiú an braon bainne a'm
A thabharfainn dhó.

Níl mé ach go tréith-Iag.
'S níl maith 'ghá shéanadh,
Agus níl mé ar aon nós
Ach mar an ceo.
Tá fuil mo chroí istigh
Dá shilt 'na braona,
Is a Dhia cé'n t-ionadh
I ndiaidh mo mhíle stór.

Mo ghrádh, do bheilín 
Nár chum na breaga    
'Gus do mhéin deas, 
Nach raibh ag bean le fágáil 
Do dhá chich ghlégheal' 
Le do leanbh bá a bhréagadh   
A stóir, ní feidir liom thú 
Thabhairt ó'n mbás 

Dá brosainn do 
Chailleach ghránda   
Thóigfeadh a lán orm 
A bheith ag dul i n-a diaidh 
Acht mo chailin breá deas 
A dtug mé grá dí 
Agus gur in a páisdín 
'S ea fuair mé í 

In aois a sé déag
Sea fuair mé fhéin i,
'S nár dheas an féirín í
Ag fear le fáil.
Ach a stóir mo chléibh
Is tú d'fhág liom fhéin mé
Mar chuair san gcré uaim
In do chailín óg.

B'fhearr liom go mór mór
In mo dhiaidh san ród tú
Ag bleán mo bhó dhom —
A bheith i mbun mo thí;
Ná saibhreas Sheoirse
Is é fháil faoi stróinse; 
Is gur faoi an bhfód
A chuir mé stór mo chroí.