Santa Baby / Santa A Leanbh
Unique Word Count: 110
Translation: Ciara Ní É
Ó Santa!
Santa a leanbh
Fág féirín álainn domsa ag bun an chrainn
Bhí an bhliain seo go holc
Santa a leanbh
Tar anuas an simléar
Santa a leanbh
Málaí - cótaí - is buataisí
Ó B.Ts
Na brandaí is costasaí
Santa a leanbh
Tar anuas an simléar
Is iomaí deoch fós le hól
Is iomaí duine dathúil nár thugas dóibh póg
An bhliain seo chugainn beidh m'iompar gan smál
Má shocraíonn tú an liosta seo
Santa a stór - ba mhór agam
Teach ollmhór - ceart go leor?
Le linn snámha ar barr
Santa a leanbh
Tar anuas an simléar
Santa a ghrá
Déan cleamhnas dom le bean ghalánta
Ghaeltachta
Láithreoir aimsire
Santa a leanbh
Tar anuas an simléar
Santa a thaisce
Limousine go Contae na Mí
Féile na Gealaí
Agus mála mór cannaí
Santa a thaisce
Tar anuas an simléar
Oireachtas na Samhna is fearr riamh
Stumpaí agus strapairí ar fud an bhaill
Seachtain iomlán i svuít an Uachtaráin
Ní sa Gleneagle - ach sa Bhrehon
Santa a leanbh
Táim sa tóir ar fhainne óir
Ón seodóir
Le cloch chomh trom le foclóir
Santa a leanbh
Tar anuas an simléar
Tar anuas an simléar
Tar anuas
Source: https://youtu.be/OMbaUBh0teA?si=vGuob7spBuGyNCkS