Unique Word Count: 242
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail domh Go haonach bliantúil n Féil' Muire Móir’ Tharla an ainnir as an taoibh aniar dom Is í go cianmhar a’ siúl sa ród. Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim Mar bheinn ar siabhrán nó seal ag ól. Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal Le taoibh 'ach dealraimh 'raibh ‘na grua mar rós. Bheannaíos féin go preab don mhaighdean Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór D'fhiafair mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród? D'fhiafair sí domhsa cá raibh mo léine Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg Go mb'annamh a chonaic sise sac mar éideadh Ar fhear ag bréagadh cailín óg. Ar neamhchead duitse mo shacán cnáibe Mo sheantriubhas Spáinneach ‘s mo bhoinead chiar Ní rómhaith ‘ aithním idir a’ dubh ‘s a’ bán, Ní hí an bhean is stráiciúla is troime ciall. Ná síl gur ionsort ata mé ‘ rá sin, A ainnir álainn is finne ciabh, Nó sílidh an iomad acu go bhfuil me i ngra leo, S is róbheag m’aird ar a leath ná ‘r a dtrian. Níl siúd áit ó íochar Fhanad Nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach, Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair, Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin 'S go Curraoin Mhanuis ‘e chois an róid. Bhí mé a’ poitigéireacht ins an Iúr, Is le feabhas mo chúrsa go bhfuair mé céim. Seal ‘mo bhrachadóir ag Coirnéal Liútar, ‘S i mo mharcach trúpa ag an Prince ó’ Wales. Seal ‘mo dhochtúir, seal ‘mo ghiúistís. I mo shagart cúraim i gCaisleán tSéaghain, I mo mháistir scoile thíos i nDoire Núise, ‘S nár dheas mar mhúin mise Mac Uí Neill. Bhí mé ar an Mhuine Mhór is i gCaisleán Cába I mBaile Uí Dhálaigh a’s i Lios na Scéic’. Bhí mé i Muineachán a’s ar a’ Ghráinsigh ‘S ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain. ‘Réir a tharlaigh i nDroichead Átha mé 'S anocht atá mé fá Charn tSiail. Anois más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé Seo mo lámh duit, bíom a’ triall