Séamas Mac Murchaidh

Unique Word Count: 188

A Shéamais Mhic Mhurcaidh, a chaoinmharcaigh uasail 
'phlanda den fhíorthreibh a shíolraigh ó uaisle.
Is cosúil nach gcuala tú go raibh do ghaolta do do ruaigeadh 
Nuair nar éalaigh tú san oíche sular díoladh faoi do luach thú.

Tá mé inniu in Ard Mhacha is is fuar liom mo ghéibheann
Is iad mo chomharsa lucht mo chéasta agus is nimh liom a bpléisiúr. 
Ní thuigeann siad mo chanúint is cha labhraim leo Béarla
Is gurb í m'ansacht an bhean dubh atá i ngleanntán a' tsléibhe.

Ó eíreoidh mé amárach le luathéirí na gréine,
Agus siúlfaidh mé an áit seo agus garda ar gach taobh domh.
Beidh claíomh i ngach lámh leo ‘s ní áirím lucht gunnaí 
Is in íochtar na sraide ta ‘ n bás fa mo choinne.

Is trua gan me ' mo fhraochóig ar thaobh mhalaidh shléibhe 
Nó mar ghas raithní os coinne an gha gréine
Nó mar Ion dubh agus mo cheann liom go Coillidh Dhún Réimhe 
Is go maraíonn na ballaí mé atá a' dalladh na spéire.

Triallfaidh mo thórramh tráthnóna Dé hAoine
Agus ar maidin Dé Domhnaigh fríd na bóithre gos iseal 
Tiocfaidh Neilí agus Nóra agus ógmhná na tíre
Is beidh mé ag éisteacht lena nglórtha faoi na fóide is mé sínte.

Is a Mhalaí mhín mhómhar má d'ordaigh tú an bás domh, 
Triall chun mo thórraimh agus cóirigh faoi chlár mé.
Más mian leat mo phósadh agus mo chroíse bheith ar láimh leat 
Fill arís is tabhair póg domh is beidh mo chroí go lánsásta.

A ógánaigh na gcarad is ródheas a nífinnse do léine 
Ní le huisce rua reatha ná le slodán na ngéacha
Ach le fíon dearg na Fraince agus le brandaí na Spáinne 
Agus bheinnse gach lá á deisiú ar dheisiúr na gréine.