Sean-Dún Na nGall

Unique Word Count: 76

Is grá geal mo chroí thú, a Thír Chonaill, a stór
I do luí mar bheadh seoid ghlas san fharraige mhór. 
Ó gráim thú i gcónaí go moch is go mall,
Is molfaidh mé a choích’ thú a shean-Dún na nGall.

Níl contae in Éirinn níos deise ná thú.
Níl daoine sa domhan mhór níos fearr cáil is clú
Ná ’tá i dTír Chonaill abhus agus thall.
Ó, bláth bán ár dtíre thú, a shean-Dún na nGall.

Tá teanga ár sinsear á labhairt ann go fóill, 
Chomh milis binn blasta le hamhrán nó ceol
Na n-aingeal sna flaithis gan smáchtú gan smál, 
Ó gráim go deo thú, a shean-Dún na nGall.