Unique Word Count: 208
Ar m'éirí dhom ar maidin, Grian an tsamhra' ag taitneamh, Chuala an uaill á casadh Agus ceol binn na n-éan, Broic is míolta gearra, Creabhair na ngoba fada, Fuaim ag an macalla, Is lámhach gunnaí tréan, An sionnach rua ar an gcarraig, Míle liú ag marcaigh, Is bean go dubhach sa mbealach Ag áireamh a cuid gé. Anois tá an choill á gearradh, Triallfaimid thar chaladh, Is a Sheáin Uí Dhuibhir an Ghleanna, Tá tú gan ghéim. Is é sin m'uaigneas fada, Scáth mo chluas á ghearradh, An ghaoth aduaidh 'om leathadh Agus bás ins an spéir, Mo ghabhairín suairc á cheangal, Gan cead lúith ná aistíocht', Do bhainfeadh gruaim den leanbh I meán ghile an lae. Croí na n-uaisle ar an gcarraig, Go céafrach buacach beannach, A thiocfadh suas ar aiteann Go lá deire an tsaoil; Is dá bhfaighinnse suaimhneas tamall Ó dhaoine uaisle an bhaile, Thriallfainn suas go Gaillimh Is d'fhágfainn an scléip. Táid feara i nGleann an tSrotha Gan ceann ná teann ar lochtaibh; I Sráid na gCuach ní mholtar A sláinte ná a saol. Mo lomadh Luain gan foscadh Ó Chluain go Stuaic na gColm, 'S an giorria ar bhruach an rosa Ar fán lena ré. Créad í an ruaig seo ar fhearaibh Bualadh, buanadh is cártadh, An smóilín binn is an londubh Gan sárghuth ar ghéig ? Is gur mór an tuar chun cogaidh, Cléir go buartha is pobal Á seoladh i gcuanta loma I lár ghleanna an tsléibhe. Is é mo róchreach mhaidne Nach bhfuair mé bás gan pheaca Sula bhfuair mé scannal Fá mo chuid féin, Is a liacht lá breá fada A dtig úlla cumhra ar chrannaibh, Duilliúr ar an daraigh Agus drúcht ar an bhféar. Anois táim ruaigthe óm fhearann, In uaigneas fuar óm charaid, Im luí go duairc faoi scairtibh Is i gcuasaibh an tsléibhe; Is mura bhfaigheadsa suaimhneas feasta Is cead fuireach aige baile, Tréigfidh mé mo shealbh, Mo dhúthaigh is mo réim.