Unique Word Count: 42
Written by: Áine Ní Ghlinn
Báibín bideach ina luí
Sa stábla, sa mháinséar, I leaba tuí
Báibín gleoite a bheidh ina Rí
Tagaigí, tagaigí - go bhfeice sibh an Rí
Rí na bhFlaitheas sa mháinséar ina luí
Seo linn! Seo linn! Seo linn go beo.
Ní dhéanfar dearúd
Ar an oíche seo go deo.
Ceol na n-aingeal ag líonadh an aeir
Réalta ag lonradh in airde sa spéir
Rí na bhFlaitheas ina luí sa mháinséar
Tagaigí, tagaigí - go bhfeice sibh an Rí
Rí na bhFlaitheas sa mháinséar ina luí
Seo linn! Seo linn! Seo linn go beo.
Ní dhéanfar dearúd
Ar an oíche seo go deo.