Unique Word Count: 72
Seoithín seo thó, mo stór é mo leanbh, Mo sheoid gan chealg is mo chuid den tsaol mhór, Seoithín seo thó, nach mór é an taitneamh, Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón. A leanbh mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat, Séan agus sonas gach oíche ’do chomhair. Tá mise le do thaobh a’ guí ort na mbeannacht, Seoithín mo leanbh, is ní imeoidh tú leo. Óho óho óho mo leanbh, Óho mo leanbh, is codail go fóill. Óho óho óho mo leanbh, Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón. Ar mhullach an tí tá síogaí geala, Faoi chaoinré an earraigh ag imirt’s ag ól, Is seo iad aniar iad a’ glaoch ar mo leanbh, Le súil is a mhealladh isteach sa lios mór. A leanbh mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat, Séan agus sonas gach oíche ’do chomhair. Tá mise le do thaobh a’ guí ort na mbeannacht, Seoithín mo leanbh, is ní imeoidh tú leo. Óho óho óho mo leanbh, Óho mo leanbh, is codail go fóill. Óho óho óho mo leanbh, Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón.