Unique Word Count: 83
Tráthnóinín déanach ar thaobh an ghleanna, 'S mé 'seoladh na ngamhna faoin bhfásach, 'Sea dhearcas taobh liom an spéirbhean Chailce chiúntais bhanúil náireach; D'fhiosraíos féin go séimh den ainnir, An éinn' í thar lear do tharla; "Ag lorg na ngamhna 's ea d'fhágas an baile 'Gus ceann ní bhfaighead go lá 'cu." Tá crainnín cumhra i lúib na coille Is rogham araon go lá ann Mar a mbeidh ceol na n-éan dár síorchur a chodladh Is gheobhaimid na gamhna 'márach; Gheobham cead saor ó mhaoraibh na coille Féar a thabhairt go lá dhóibh, 'S le fáinne an lae beam araon 'nár seasamh Ag seoladh na ngamhna faoin bhfásach.
Seoladh Na nGamhna – leagan 2
Unique Word Count: 83
Ag siúl chun na coille seo go huaigneach Dé Céadaoin Sea casadh orm an digbhean ins an bhfásach, 'Ag toraíocht na ngamhna sea d'fhág mise an baile Is ceann acu ní bhfaighidh mé go lá bán.' 'Tá crainnín caorthain ag maora na coille seo, Is beimid le cheile go lá bán ann, Beimid inár suí le fainne geal na maidine, Is gheobhaimid na gamhna ins an bhfasach.' 'Bheirimse mo mhallacht do mhaora na coille seo, Mar is iad a d'fhág anseo le fán mé, M'athair is mo mháthair go brónach sa mbaile Is gan goir agam a theacht ina láthair! "Is anois, a stóirín, ó tá tú ag imeacht uaim Is ó tharla nach tú atá in ndán dhom Seo dhuit póigín ar bharr mo chúig méara Is, a stóirín, mo chúig céad slán leat.’