Unique Word Count: 181
D'éirigh mé ar maidin a tharraingt chun aonaigh mhóir A dhíol is a chéannacht mar a dhéanadh mo dhaoine romham Bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise síos a dh'ól Is le Siobhán Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg A Siobhán Ní Dhuibhir, an miste leat mé bheith tinn? Mo bhrón is mo mhilleadh, más miste liom tú bheith i gcill Bróinte 'gus muilte bheith a‘ scileadh ar chúl do chinn Ach cead a bheith in Iorras go dtara síol Éabha chun cinn A Siobhán Ní Dhuibhir, is tú bun agus barr mo scéil Ar mhná na cruinne, go dtug sise an báire léi Le gile le finne le maise is le dhá dtrian scéimh Is nach mise an trua Mhuire bheith ag scaradh amárach léi Thiar in Iorras, tá searc agus grá mo chléibh, Planda an linbh a d’éitigh mo phósadh inné. Beir scéala uaim chuici má thug mise póg dá béal Go dtabharfainn di tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi. Beir scéala uaim chuige go dearfa nach bpósaim é, Ó Chuala mise gur chuir sé le bólacht mé Nuair nach bhfuil agamsa maoin ná mórán spré, Bíodh a rogha bean aige ‘is beidh mise ar mo chomhairle féin. Ó saighdiuir bocht silte mé ‘ d'imigh as garda an Rí; Ní raibh a'n phingin agam nó chaithfinn é ar chárta an dí; Bhuailfinn an druma 'gus sheinnfinn ar chláirsigh chaoin Is ar Churrach Chill Dara do scar mé le grá mo chroí. Gan bó gan gamhain 'mo leanbh gur fágadh mé, Cé is tréan mo charaid níor fhreagair mé ariamh is mé infheidhm; Gabháil siar a chois chladaigh domh is aigeantach, ard, mo léim Is beidh bean agam nó ceathrar más fearr liom é.