Unique Word Count: 111
'Dul síos an gleann dom maidin bhreá, Bhí an spéir gan ghruaim 's an ghrian ag taitneamh; In uaigneas sléibhe 's mé liom féin Sea d'éalaigh mé síos fá bhruach an easa. Curfá: Síos an sliabh a's tríd an raithneach; Síos an sliabh fá bhruach an easa; In uaignas sléibh' 's mé liom féin Sea d'éalaigh mé síos fá bhruach an easa Síos an sliabh. Dul tríd an mhóin 's mé ' drandán ceoil, 'S mo chroí chomh meidhreach leis na meannáin, Sea chonaic mé uaim an spéirbhean chiúin 'S í 'scuabadh an drúcht' ó fhraoch an ghleanna. Curfá Ba mhór ár ngrá agus ba dheas an lá, Agus sinn linn féin i lár an fheannáin, Nó gur luigh na néalta donn' anuas Ar bhláth an fhraoich 's ar thaobh an ghleanna. Curfá: "A bhuachaill óig", ar sise liom, "Caithfidh mé éalú uait fá láthair, 'S is mó mo chumha tú éalú uaim Nó na huain ag scaradh óna máthair." Curfá D'éirigh sí a's shiúil sí léi, 'S níor inis sí domsa a háit nó a hainm; 'S dá mbínn i mo rí dhéanfainn banríon di, Agus bhainfimis fúinn ar thaobh an ghleanna. Curfá