Unique Word Count: 116
Ó, a Shliabh geal gCua na féile, is fada uait i gcéin mé, I mo shuí cois cuain i m’aonar go tréithlag faoi bhrón; An tuile bhuí ar thaobh díom idir mé agus tír mo chléibhe, Is a Shliabh gcal gCua na féile, nach géar é mo sceol. Dá mbeinnse i measc mo ghaolta i sceithín ghlas na séimhfhear Nuair a scaipeann teas na gréine ó spéir gheal gan smál, Nó dá mbeinnse ansiúd faoi na réalta nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann, Ó, a Shliabh geal gCua, nár dhéirc sin, dá mb’fhéidir é a fháil. ’S é mo léan nach bhfuair mé tógáil le léann is mórchuid eolais, I nGaeilge uasal cheolmhar ba sheolta mo bhéal, Ó threabhfainn cuairt thar sáile is bhéarfainn bua thar barr chughat, Mar, a Shliabh geal gCua, ba bhreá liom thú a ardú faoi réim. Mo ghrása thall na Déise idir bhánta, ghleannta is shléibhte, Ó shnámh mé anonn thar tréanmhuir táim céasta gan bhrí; Ach ó b’áil le Dia mé a ghlaoch as, mo shlánsa siar go hÉirinn, Agus slán le Sliabh na féile le saorghean ó mo chroí.