Unique Word Count: 139
Seo chugainn na slóite teacht ’nuas droim an tsléibhe ’S a mbrat glas ag croitheadh go hard leis an ghaoth; Is deas ’gus is aerach a gcoiscéim’s a n- éideadh, Sheacht mh’anam na tréinfhir nach dtréigfeadh a dtír! Tá dealramh ’guid slanntrach ’cur maise ar na gleanntáin, Mar loinnir na maidne nuair a éiríos an ghrian; Tá a nglórthaí go dána ’cur troda ar a namhaid – “Fágaigí an bealach ag Slóite na bhFiann” Tá fir líofa láidre nach eagal leo an namhaid A’ tarraingt chun cogaidh go díbhirceach teann, Is cluinfear amárach ó Chorcaigh go Málainn Fuaim a gcuid gunnaí ’gus glór a gcuid lann. Is minic a choscramar slóite na Sasana, Ar mhóinte na Banban le buillí a bhí dian. Is in ainm na gcuradh a thit ag Beann Borb, Nochtaigí an colg, a Shlóite na bhFiann. Is iomaí deoir chráite a ghoil tú, a mháithrín, Ag amharc ar do pháistí is iad scaipthe go fann. Níor chuireamar le chéile in éadan ár namhad Agus chuir siad faoi smacht sinn le neart a gcuid lann. Ach táimid ag éirí as néalta na hoíche Tá na tinte dá lasadh ar chnoc is ar shliabh. Tógfaidh muid gáir na laaoch, rocs Catha Choinn is Aodha Fágaigí an bealach ag slóite na bhFiann