Unique Word Count: 40
Written by: Tonaí Ó Rodhuibh
Áthas ar na leanaí,
Gliondar ar gach croí
Calóga boga bána
Ag rince ins an ghaoth.
Meallta móra sneachta
Ag eitilt ins an aer.
Gáire agus glaoch
Ó na leanaí go léir.
Nach deas í an tuath
Lena brat bog bán,
Ina codladh go sámh
Faoi sneachta geal glan.
Source: https://gaeloideachas.ie/document/danta-na-nollag/ (Tonaí Ó Roduibh)