Unique Word Count: 115
Tá mé ’mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir, A’ cur tine síos gan scíth, is á fadú go géar; Tá bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin; Tá na coiligh a’ glaoch is an saol ina gcodladh ach mé. Sheacht mh’anam déag do bhéal, do mhala, is do ghrua, Do shúil ghorm ghlé fár thréig mé aiteas is suairc; Le cumha i do dhiaidh, ní léir dom an bealach a shiúl, Is a charaid mo chléibh, tá na sléibhte idir mé agus tú. Deir an lucht léinn gur cloíte an galar an grá. Char admhaigh mé féin é, go raibh sé i ndiaidh mo chroí istigh a chrá; Aicíd róghéar, faraor, char admhaigh mé é, Chuir sí arraing is céad go géar trí cheartlár mo chroí. Casadh bean sí dom thíos ag Lios Bhéal an Átha D’fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá; Is é a dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh’ – Nuair a théid sé fán chroí, chá scaoiltear as é go brách.