Tá Mo Chleamhnas Á Dhéanamh

Unique Word Count: 111

Tá mo chleamhnas á dhéanamh inniu agus inné, 
Is ní mó ná go dtaitníonn an bhean údaí liom féin.
Ach fuígfidh mé mo dhiaidh í is rachaidh mé leat féin,
Fá bhruach na coille craobhaí.

Curfá
:
Fá bhruach na coilleadh craobhaí a chónaíonn sí
Ta an guth aici is binne ná an chuach is í ag glaoch.
Tá an coim aici is gile ná an eala ar an toinn,
’S í an cailín deas bán a bhfuil mé i ngrá léi.

Codladh go headra ’sé b’aite liom féin
Leabaidh dheas den luachair a bheith faoi mo thaobh
Buidéal uisce bheatha a bheith faoi mo cheann 
Is mo chailín deas bán bheith ar láimh liom.

Curfá

Maidin Dé Céadaoine dhá uair roimh an lá 
Scríobh mise litir ionsair mo mhíle grá.
Bhí an londubh, ’s an smólach is an chéirseach á rá
Gur éalaigh sí uaim thar sáile.

Curfá

Shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar
Shiúil mise Corcaigh 'gus sraideanna Bhaile' Cliath
Macasamhail mo chailín ní fhaca mise riamh 
'Sí ’n bhean í a d'fhág mo chroí cráite.

Curfá