Tá Na Báid

Unique Word Count: 77

Tá na báid go domhain san fharraige, 
Tá na báid go domhain san fharraige, 
Tá na báid go domhain san fharraige, 
Slán abhaile go dtaga na fir.

Curfá:
Tá na báid go domhain san fharraige, 
Slán abhaile go dtaga na fir,
Tá na báid go domhain san fharraige, 
Slán abhaile go dtaga na fir.

Tá na báid go domhain san fharraige, 
Iasc ar snámh is líonta tarraingthe, 
Tonnta arda, gaoth is anfa,
Slán abhaile go dtaga na fir.

Curfá

Tá na báid go domhain san fharraige, 
Tonnta arda, fuacht is fearthainn ann, 
Trí bhradán i gcomhair an mhangaire, 
Slán abhaile go dtaga na fir.

Curfá
 
Tá Séamas Cháit is crúba gliomaigh air,
‘Taoscadh an bháid ‘s é ‘liúireach go
 taitneamhach;
Ibh mo shláinte ‘gCúirt na gCarbhat,
Slán abhaile go dtaga na fir.

Curfá

Ar theacht an Mhárta, slán má mhairimid, 
Gheobhaimid táinte breátha dearga
Éisc ó Phádraig Naofa Beannaithe, 
Slán abhaile go dtaga na fir.

Curfá

Guímse ‘n t-ádh ‘na chruacha daingne, 
‘Nuas ar chách a théann chun farraige, 
Líonta lán go bruach is rath orthu, 
Slán abhaile go dtaga na fir.

Curfá deiridh:
Ibh mo shláinte ‘gCúirt na gCarbhat,
Slán abhaile go dtaga na fir,
Ibh mo shláinte ‘gCúirt na Seanaveist,
Slán abhaile go dtaga na fir!