Unique Word Count: 189
Tá na páipáir á saighneail 's na saighdiúirí ag gabháil anonn, Tá dromadóirí aoibhinn aerach ag Clanna Gael ag gabháil go Tír na Long; Dá mbeadh agam, 's duit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó, Ar chúntar thú a bheith i t'fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo. Agus ag luí dhom san oíche ním osna bhíos mór, Ag éirí dhom ar maidin 's í mo phaidir mo dheor, Tá gruaig mo chinn ag titim 's ag imeacht mar an gceo, Is le cumha i do dhiaidh, a mhuirnín, ní bheidh mé i bhfad beo. Nuair éirím amach go huaigneach 's bhreathnaím uaim an cnoc úd thall, Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach d'fhág crua-arraing thrí mo lár; Tá mo chroí 'stigh 'na leac de ghual dubh 's fear mo thrua níl ach Rí na nGrást, 'S pé'r bith cailin óg bhéarfas uaim thú, go síntear suas í i gcónra chláir! Tá fhios ag Dia dílis gurab iomaí smaoineamh crua deacrach Atá ag dul trasna thrí mo chroí istigh mar gheall ortsa le fada; Dá mbeadh bliain ar fad san oíche, is leat ba mhian liom í a chaitheamh, Agus diomú na naomh dhuit má ghní tú mo mhalairt. Tá mo stocaí is mo bhróga stróicthe liom síos, Tá mo nua-chulaith phósta, mo bhrón géar, le sníomh, Tá gine i dteach an ósta orm 's níor ól me riamh pingin, Ach mo léan, a mhíle stóirín, gan muid óg seal arís! Dílleachta bocht cráite mé ‘ fágadh faoi leatrom, 'S dá mbeadh mo chílí tarraithe cér chas dhom bheith folamh? Níl aon fhear in Éírinn dhéanfadh éagóir ar mo shamhail Nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná dhul ar aon chor do na Flaithis.