Táim Breoite Go Leor

Unique Word Count: 56

Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín ó?
Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a lao ghil ‘s a stór? 
Bhíos ag fiach is ag fabhlaereacht, a mháithrín ó,
‘S cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad a d'ithis do do dhinnéar, a bhuachaillín ó?
Cad a d'ithis do do dhinnéar, a lao ghil is a stór?
Is sicíní nimhe ar phláitíní óir,
‘S cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad a fhágair ag do mháthair, a bhuachaillín ó?
Cad a fhágair ag do mháthair, a lao ghil is a stór?
Mo bha is mo chuid talún, a mháithrín ó,
‘S cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cad a fhágair ag do ghrá gheal, a bhuachaillín ó?
Cad a fhágair ag do ghrá gheal, a lao ghil is a stór?
Rópa chun í a chrochadh, a mháithrín ó,
‘S cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.

Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachaillín ó?
Cár mhaith leat bheith curtha, a lao ghil is a stór?
I dteannta le chill Mhuire, a mháithrín ó,
‘S cóirigh mo leaba, táim breoite go leor.