Táimse ‘Gus Máire

Unique Word Count: 106

Táimse 'gus Máire go sásta 'nár n-aigne
Ó nascadh i bpáirt sinn ar an altóir róbheannaithe
Thug sise grá thar cairde is thar fearaibh dom, 
Thógas ar láimh í 's go brách, brách ní scarfaimid.

Curfá:
Bímse ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam 
Recs fal dí ó, recs fal dí aidh dé dil aidh dí.

Tá mo theallach san áit is fearr ar an mbaile seo, 
Páirc an tSrutháin a sháraíonn seacht n-acra.
Cruithneacht ag fás ann chomh hard leis na claíocha 
Mé ag feitheamh an tráth go bhfeice mé aibí í.

Curfá

Mo chéilese Máire an stáidbhean mhodh mhaisiúil 
Ag faire an chliabháin is an páiste ar a seascair; 
Stoca ina láimh, na bioráin inti ag preabarnaíl
Í ag cniotáil is ag crónán don linbhín.

Curfá

'Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic na grásta a scaipeadh orainn 
Go leana an t-ádh sinn gan gátar gan easpa orainn.
Is nuair a thiocfaidh lá an áirimh ar bhántaibh úd Josabeth 
Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parthas!

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam 
Recs fal dí ó, recs fal dí aidh dé dil aidh dí

-Seán Eoin Ó Suilleabháin