Unique Word Count: 91
D'éalaigh tú uaim i gciúnas oích' Is fágadh mo chroí in ísle brí - Gan deis agam slán. Gan deis agam póg. Gan dul agam tuigbheáil is gan tú fós ach óg. Curfá: Tar ar ais, tar ar ais, Tar ar ais, a stór. Ní beo liom mo bheo gan tú lem ' thaobh níos mó. Tar ar ais, tar ar ais, Is siúil le m' thaobh arís — Cad a dhéanfaidh mé feasta is tú, is tú im' dhíth? Cluinfear do ghlór i mbéal na gaoith’ Is canfar do mholtaí choích’; Is istigh i lár mo chroíse is san intinn seo faoi bhrón. Sea, leanfaidh mé do réalta ar fud an domhain. Curfá Dá mbeadh an saol seo ar mo mhian. Is mé 'mo sháith de mhaoin an tsaoil - Dhéanfainn malairt áite, dhéanfainn malairt slí. Ach a n-éistfi go ceansa sna Flaithis lem’ achainí. Curfá
– Malachy Duffin