Théid A’ Lán Amach Is Isteach

Unique Word Count: 187

Théid a' lán amach 's isteach.
Is cuma sinne muscailte no i suan, 
Théid a' lán amach 's isteach,
Is cuma sinn meidhreach nó faoi ghruaim. 
Théid a' lán amach 's isteach,
Is cuma sinne ar meisce nó inár stuaim, 
'S nach meallta 'n fear a shíleas
Ar a' tsaol seo choíche go bhfaighidh sé buaidh.

Fásfaidh 'n bhachlóg teacht an Earraigh,
Ins a' tSamhradh bídh gach toradh i mbláthas 
Seinnidh 'n éanlaith ins na crannaibh,
Ins an Fhómhar bídh gach toradh, lán. 
Teacht a' Gheimhridh titidh 'n duilliúr,
Tig síon is siorradh as gach aird,
Sioc is sneachta gearradh dubh na Nollag, 
Chá dtéid cosc le hobair Dé go brách.

Gheibh lámh láidir buaidh na laige,
Tá 'n saol seo rannta éagothrom ar ndóigh, 
Bídh fíon is feoil ag bodaigh,
'Gus créatuir bhochta fágtha fann gan stór. 
Tá saint a' tsaoil faraoir go buan dá ndalladh
Ach ní choinníonn saibhreas duine choíche beo,
Má gheibh siad creafóg a chumhdóchas a' cholainn 
Níl mé á n-eileamh, an lá a rachas siad faoi fhód.

Théid grá go linn na gcaolann ins a' duine 
Agus fágaidh sé go buan é ag caint leis féin, 
A' meabhrú fdn phléisiúr atá roimhe,
Sin nó 'mairgnigh fán tsaol atá'na dhiaidh 
Is ábhar bróin i gcónaí 'n t-am a chaitear,
Cailltear éadáil ann nach féidir 'fháil go deo. 
Dá mbiodh an saol seo ar ár mian nár bheag a’ tsuim é,
Ach an giorria sin a imíos, bídh se mór.

Is iomaí lúb is cor sa chinniúint, 
Ó thús ár saoil go lá ar mbáis, 
Is iomaí rún a bíos ag duine,
Nach dual do 'chur i ngníomh go brách,
Ach dá bhfaigheadh sinn buaidh na cruinne, 
Is cead ár miantai 'chur i láthair choích’
Rachadh sinn go grinneall de bharr dífhoighde, 
Is díobháil céill' theacht le'r sáith.

-Seán Bán Mac Grianna