Unique Word Count: 124
Thíos cois na trá domh i ndoimhneacht na hoíche, An saol mór ina gcodladh is mise liom féin; Na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar, Cosúil le hanamnacha bochta i bpéin. Thíos fán chladach tá na bádaí ar feistiú, Ar snámh mar bheadh ealaí ar bharr na dtonn; An t-uisce ag slioparnaigh thart fána dtaobhann’ ’S iad ag bogadh sa chiúnas anall is anonn. Iomlán gealaí is iomlán rabharta, Aoibhneas is ciúnas is áilleacht sa domhan; Crónán na farraige ’dul siar ar mo chluasa Is bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn. Istigh ar na hinseáin tá seanreilig bheannaithe, An áit ar mhair naoimh insan aimsir fadó; Tá daoine istigh ann a chaith seal go haerach, Ach ní shiúlfaidh siad thart fán chladach níos mó. Bhuail uaigneas m’intinn is mé ag amharc ar an reilig. Mé ag meabhrú ar dhaoine a bhí istigh ann ina luí, Fir is mná óga, seandaoine is páistí, Muintir mo mhuintir is cairde mo chroí. Tá na coiligh ag glaoch is tá na réalta a’ bánú, Tá an ghealach ina luí is ní fada go lá; Slán agat anois, a sheanreilig bheannaithe Is ag na daoine a shiúlfadh liom thíos cois na trá.