Thíos I dTeach A’ Tórraimh

Unique Word Count: 185

Thios i dteach an tórraimh fuair mise eolas ar mo chailin donn, 
Bhí a grua mar na rósaí 's bhi a béilín mar a bheadh siúcra donn,
Bhí mil ar bharra na gcraobh ann, agus ceirbheach ar bhun na gcrann, 
Is bhí iasc na finne ag léimnigh le pléisiúr mar bhí sí liom.

Bhí mé lá go ceolmhar, ar mo sheol agus mé i gceann an tí,
Ag síorghabháil don cheol, 's ag cur na mbréag in iúl do mhian mo chroí, 
Ni chreidfeadh sí mo ghlórthaí, nó shíl sí gur dá mealladh a bhínn,
Tá mé óg go leor i gcónaí, is ní phósfaidh mé ach mian mo chroí.

Is binn agus is ceolmhar, a labhras gach éan i dtom,
Is deas an uile shórt ann, 'gus is ródheas mo chailín donn. 
Is aici fuair mise eolas, ar mhórán 's ar thuilleadh grinn,
's nár dheas an rud sú na heorna, bheith le hól agus á teannadh liom.

Bhí mé lá go ceolmhar, i ngleanntáin is mé ag seoladh bó, 
Tharlaidh orm an ógmhnaoi, is í cóirith' insan éideadh chóir, 
Bhí háta os cionn a clóca uirthi agus búclaí ina bróga thíos,
Ó ba chosúil le mo stóirín í, an réalt eolais 'bhí 'gabháil romham sa tslí.

Ar éirí domhsa Dé Ceadaoin, dar liomsa go raibh an mhaidin fuar, 
Bhreathnaigh mé uaim mo stóirín ar an léana agus í i bhfad uaim, 
Dhruid mé le mo chéile, mar 'n duil agus go rachadh muid chun suain, 
Ó is a Dhia, nár dheas an féirín í an ógmhnaoi a d'imigh uaim.

Mallachtaí na hAoine, ar an té údaí a bhain díom mo stór,
Nach ligfeadh ar na gaobhair mé lá saoire nó go moch Dé Luain,
Dá mbeadh sé a cur agus ag déanamh díle, is ag síorchur den sneachta ó thuaidh,
Ó 'Dhia, dá bhfaighinn cead síneadh léi, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.