Thugamar Féin An Samhradh Linn

Thugamar Féin An Samhradh Linn – Leagan 1

Unique Word Count: 39

Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,
Thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh buí na nóinín gléigeal,
Thugamar féin an samhradh linn.

Thugamar linn é ón gcoill chraobhaigh,
Thugamar féin an samhradh linn.
Samhradh buí ó luí na gréine,
Thugamar féin an samhradh linn.

Bábóg na Bealtaine, maighdean an tsamhraidh,
Suas gach cnoc is síos gach gleann,
Cailíní maiseacha bán-gheala gléigeal'
Thugamar féin an samhradh linn.

Cuileann is coll is trom is caorthann
Thugamar féin an samhradh linn.
Fuinseog ghléigeal bhéil an átha
Thugamar féin an samhradh linn.

Thugamar Féin An Samhradh Linn – Leagan 2

Unique Word Count: 78

Bábóg na Bealtaine, maighdean an tsamhraidh, 
Suas gach cnoc is síos gach gleann,
Cailíní maiseacha bángheala gléasta,
'S thugamar féin an Samhradh linn.

Samhradh buí na nóiníní gléigeal’,
Thugamar féin an samhradh linn,
Ó bhaile go baile is chun ár mbaile 'na dhiaidh sin,
Thugamar féin an Samhradh linn.

Tá an fhuiseog ag seinm is ag luascadh sna spéartha,
Beacha is cuileoga is blátha ar na crainn,
Ta an chuach 's na héanlaith ag seinm le pléisiúr
'S thugamar féin an samhradh linn.

Tá nead ag an ghiorria ar imeall na haille
Is nead ag an chorr éisc i ngéaga an chrainn;
Tá mil ar na cuiseoga is na coilm ag béiceadh,
'S thugamar féin an Samhradh linn

Tá an ghrian ag soilsiú 's ag gealladh na dtabhartas,
Tá an fharraige mar scáthán ag maoth-gháirí don ghlinn;
Ta na madaí ag peithreadh is an t-eallach ag géimnigh,
'S thugamar féin an samhradh linn.