Unique Word Count: 146
Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar, Agus tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh, Tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae, Agus buailfidh sé tiúin suas le cumhaidh mo dhiaidh. Spleoid ar an fharraige, mar is í ata mór, Is í atá ag dul eadar mé is mo mhíle stór; D’fhág sí ar a’ bhaile seo mé ag déanamh bróin, Is gan mé ag dúil lena feiceáil arís níos mó. Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar, Shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath; Shiúil mé an baile seo faoi dhó le bliain, Ag iarraidh tuairisc mo stóirín a bhain díom mo chiall. Tá an oíche seo dorcha agus beidh go lá, Is agam le dul ‘na mhuilinn siar a dh’iarraidh mná, Ionsar Thadhg ‘ig Fhionnghaile nach bhfuil aige ach í, Nó go bhfaighidh mé Máire uaidh óna lámh. Agus scairt mé aréir ag an doras thall, Agus scairt mé arís an raibh mo rún ar fáil; Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann, Nó gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn. Tá ceathrar is fich’ acu ar an rank amháin, Agus is í mo Mháire-se an bhean acu is fearr; Tá blas na meala uirthi agus boladh breá, Is nach í an pabhsae álainn í atá doiligh a fháil. Is óg ‘s is óg a chuir mé dúil i ngreann, Agus dhéanfainn súgradh le mo rún le fonn; Níl baile cuain ar bith dá ngluaisfinn ann Nach bhfaighinn maighdean óg dheas a shiúlfadh liom.