Unique Word Count: 118
Thíos i lár an ghleanna tráthnóna beag aréir Agus an drúcht 'na dheora geala ’na luí ar bharr an fhéir, 'S ea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis is pearsa, 'S í sheol mo stuaim chun seachráin tráthnóna beag aréir. Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ’gabháil síos an gleann aréir, Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir, A rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid, Ó 's a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir. Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán ‘ do dhéad, Do chaolchoim álainn mhaiseach agus glórthaí caoin do bhéil, Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt na maidine, ‘Gus faraor gur dual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir. Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh agus labhairt le stór mo chléibh, Nó dá bhfaighinnse buaidh ar a’ chinniúint char mhiste liom fán tsaol, Shiúlfainn leat fríd chanach is fríd mhéilte ar chiumhais na mara, Agus dúiche Dé dá gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal. Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ’gabháil síos an gleann aréir Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir A rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid Ó 's a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.