Trí Tréithe Na Fiannaíochta

Unique Word Count: 54

Ceist ag Pádraig, grá na nGael, 
Lá ar laoich an liathfhoilt, 
Caoilte Mac Rónáin na scéal, 
Tráth in Éirinn iathghlas.

“Inis dúinn, a scéalaí bhinn,
Cad é a thug daoibhse an tiarnas?
Nó cad é a choinnigh sibh gan mheath 
An oiread a mhair na Fianna?”

Trí tréithe a dhaingnigh sinn”, 
D’fhreagair Caoilte ciallmhar:
“Glaine ár gcroí, neart ár ngéag
Is beart de réir ár mbriathar”.

-Osborn Ó hAImhirgin, ‘Crá Croí Éigeas’: 1873 – 1950